← "Greann a d'fhág ár saol suáilceach", arsa Caoilte. 🔊
← Ansin d'inis Caoilte an scéal faoi Bhodach an Chóta Lachtna don lucht éisteachta. 🔊
← "Níor fhág mé inis ná oileán ó d'fhág mé mo thír féin nár chuir mé faoi chíos mo chlaidhimh iad agus is mian liom cíos na críche seo a fháil anois nó fear a chloífeas mé." 🔊
← D'fhéach Fionn air le hiontas mar ní fhaca sé a leithéid riamh roimhe sin. 🔊
← D'inis Fionn dó go raibh sé ar lorg Chaoilte le dul i gcomórtas rásaíochta le Caol an Iarainn. 🔊
← Nuair a d'fhill siad ar Bhinn Éadair bhailigh iomlán na bhFéinne thart ar Bhodach an Chóta Lachtna le hiontas agus dúirt Caol an Iarainn nach náireodh sé é féin ag coimhlint lena leithéid de bhodach smeartha. 🔊
← Ach rinne an Bodach gáire garbh a chuir fearg air agus ansin d'aontaigh sé dul sa rás leis ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair. 🔊
← "Déan do chomhairle fhéin," arsa an Bodach agus d'imigh sé leis isteach sa choill agus d'ardaigh sé scata de mhuca fiáine. 🔊
← Nuair a d'fhill sé bhí an fheoil rósta. 🔊
← D'ith sé leath an toirc agus leath an aráin agus d'ól sé bairille fíona. 🔊
← D'imigh Caol an Iarainn go tromchosach sa rás agus eagla air faoin neamhshuim a rinne an Bodach de. 🔊
← D'éirigh Bodach an Chóta Lachtna nuair a bhí a dhóthain codlata aige. 🔊
← D'ith sé an leath eile den torc agus d'ól sé an bairille eile fíona. 🔊
← Chuir sé cnámh na muice i mbinn a chóta agus d'imigh sé leis sa tóir ar Chaol an Iarainn mar a bheidh gaoth fhuar na Márta ag teacht ón gcnoc. 🔊
← "Muise, gluais leat mar sin," arsa an Bodach agus d'fhill sé sa tslí go bhfuair sé binn a chóta agus d'fhuaigh sé ar ais é. 🔊
← D'imigh sé leis ansin mar a bheadh gaoth fhuar na Márta ann agus ní dhearna sé stop ná staonadh nó gur shroich sé mullach cnoic a raibh Binn Éadair le feiceáil uaidh. 🔊
← Chrom sé ansin ag baint sméar agus nuair a bhí a dhóthain ite aige bhain sé a chóta de, d'fhuaigh sé an t-íochtar nó go ndearna sé sac de agus líon sé go béal é le sméara dubha. 🔊
← Bhí fear faire amuigh ag Fionn ó mhaidin le scéal a thabhairt chuige a luaithe is a d'fheicfeadh sé na reathaithe ag teacht. 🔊
← Dhoirt sé an sac sméar isteach sa mhin agus d'ith sé dá lámha é. 🔊
← Leis sin rug an Bodach ar a chorp, thug síos chun na trá é, d'fhág ina shuí istigh sa long é agus a aghaidh siar ar a dhroim. 🔊
← Ansin thug sé cos i ndeireadh na loinge agus chuir seacht léige i bhfarraige í. Ar filleadh do Bhodach an Chóta Lachtna ón trá las gaoth agus grian ina thimpeall agus d'aithin Fionn agus na Fianna gur Manannán Mac Lir a tháinig i gcabhair orthu. 🔊